Charles Manson
From Wikipedia, the free encyclopedia
Síceapatach míchlúiteach Meiriceánach ab ea Charles Manson (12 Samhain 1934 i Cincinnati, Ohio - 19 Samhain 2017 iBakersfield, California).[1] Bhí sé i gceannas ar chomún hipithe i gCalifornia go deireanach sna seascaidí, común ar a dtugtaí The Manson Family - "Muintir Mhanson". I Mí Lúnasa 1969, mharaigh baill dá chomún Sharon Tate - bean chéile an stiúrthóra scannán Roman Polański - agus roinnt daoine a bhí ar cuairt ag Tate. Ó ba é Manson a ghríosaigh chun na coire seo iad, dhearc an chúirt air mar phríomhchoirpeach, agus daoradh chun báis é. Níor cuireadh an pionós i gcrích riamh, nó cuireadh an pionós báis ar ceal i stát California, agus fágadh Manson ag cur príosúnacht saoil de ina áit.
(2017) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Charles Milles Manson |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Charles Milles Maddox 12 Samhain 1934 Cincinnati, Ohio, Ohio |
Bás | 19 Samhain 2017 83 bliana d'aois Bakersfield, California, California |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse cholaireictach agus stad cairdiach) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An tAindiachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | National Training School for Boys (en) Ardscoil Arroyo Gibault School for Boys (en) Pasadena City College (en) |
Áit chónaithe | Spahn Ranch (en) |
Airde | 157 cm |
Gníomhaíocht | |
Gairm | coirpeach, sraithmharfóir, ceannaire cultais, ceoltóir |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Giotár |
Eile | |
Céile | Rosalie Willis Leona Stevens |
Ciontaíodh i | dúnmharú (1971) → (capital punishment in the United States (en) , príosúnacht saoil) |
Suíomh gréasáin | charlesmanson.com |
Is gnách na focail Helter Skelter a shamhlú le Manson - "cosair easair" an leagan Gaeilge is fearr a aistríonn an bhrí a chuir Manson leis na focail. I ndiaidh na trialach, scaoil an cúisitheoir Vincent Bugliosi an teoiric timpeall go ndeachaigh an t-amhrán úd Helter Skelter leis na Beatles go domhain i bhfeidhm ar Mhanson, ionas gur thosaigh sé ag rámhailligh faoi chogadh mór na gciníocha, an Helter Skelter nó an Chosair Easair a bhí ar na bacáin, agus gur theastaigh uaidh an cogadh seo a thosú. Chreid sé go mairfeadh seisean agus a "mhuintir" beo i ndiaidh na Cosrach Easrach féin, nuair a bheadh an chuid eile den chine dhaonna tar éis ródach agus eirleach a dhéanamh ar a chéile. Bhí "Muintir Mhanson" ag déanamh ceoil dá gcuid féin le spreagadh a thabhairt don "Chosair Easair", fiú.
Thosaigh "Muintir Mhanson" ag teacht le chéile nuair nach raibh i Manson ach iarphríosúnach dífhostaithe a raibh an chuid ab fhearr dá shaol caite aige sna scoileanna ceartúcháin agus sna príosúin. Bhí caidreamh éigin aige le Dennis Wilson, duine de na Beach Boys, agus stádas éigin aige i saol an phopcheoil i gCalifornia. Nuair a caitheadh Manson i dtóin phríosúin i ndiaidh na ndúnmharuithe míchlúiteacha, chuir popcheoltóirí eile suim ina chuid saothar freisin, agus chuaigh cuid mhaith acu ar taifeadadh. Roimhe sin féin, thaifead na Beach Boys amhrán amháin le Manson, Never Learn Not to Love, cé nár luaigh siad fear scríofa an amhráin ar chlúdach an cheirnín. Le déanaí, thaifead popcheoltóirí ar nós Guns N' Roses agus Marilyn Manson (sic!) amhráin a tháinig ó pheann Charles Manson.
Daoradh Manson chun báis ar dtús, ach sa bhliain 1972, cuireadh an pionós báis ar ceal i gCalifornia, agus tiontaíodh na breitheanna báis go léir ina mbreitheanna príosúnachta saoil. Chuaigh an pionós báis in úsáid i gCalifornia in athuair ina dhiaidh sin, ach ní raibh an t-athrú seo aisghníomhach, agus mar sin, níor cuireadh Manson chun báis riamh.
Bhí Manson i bPríosún Stáit Corcoran, in aice le Hanford, California, go dtí a bhás sa bhliain 2017.