Hipí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist leis na hipithe[1] nó na grágánaigh ná fochultúr de chuid na ndaoine óga a tháinig ar an bhfód sna Stáit Aontaithe timpeall ar lár na seascaidí agus a chuaigh ar fud an domhain ina dhiaidh sin.
Gnéithe den fhochultúr seo ab ea an síochánachas, saoirse na collaíochta is na comhriachtana, na drugaí, an saol nádúrtha (a raibh baint aige leis na grágáin mhóra ghruaige a d'fheictí ar na hipithe) na pobail a thiocfadh chun saoil as a stuaim féin (in áit na sochaí seanbhunaithe), an rac-cheol agus an agóid in aghaidh na héagóra.