Scannánaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ealaíon nua-aimseartha é an scannánaíocht, ina bhfuil pictiúirí beo déanta le ceamaraí scannán agus aisteorí. Ceithre chéim a bhíonn i gceist i dtáirgeadh scannán: ullmhúchán, glacadh, iarleiriú, riaradh. San ullmhúchán, forbraíonn an léiritheoir, an stiúrthóir is an scriptscríbhneoir coincheap, scéal is féidir a athrú ina scannán dráma. Eagraíonn an léiritheoir an maoiniú agus leagann amach plean is amchlár an tionscadail. Roghnaítear an fhoireann léirithe, na haisteoirí, is na láithreacha amuigh. Deartar agus tógtar na láithreáin istigh. Sa ghlacadh, bíonn an stiúrthóir i bhfeighil na grianghrafadóireachta ar stáitse nó sna láithreacha amuigh agus é dírithe ar obair na n-aisteoirí. Déanann an ceamaradóir an ghrianghrafadóireacht, agus cinneann an soilsiú chuige, chun coincheapa an stiúrthóra a chur i ngníomh. Bíonn an meascthóir i bhfeighil taifeadadh na fuaime. Réalaítear na scannáin a nochtadh i rith an lae sa tsaotharlann ag deireadh an lae, agus iniúchaíonn an stiúrthóir an bunábhar. San iarléiriú, déantar eagarthóireacht agus cuirtear ceol is fuaimeanna eile leis an scannán roimh a lainseáil ag an gcéadléiriú. Sa riaradh, scaiptear an scannán ar phictiúrlanna, ullmhaítear é do thíortha iasachta (trí theangacha eile a chur ar an bhfuaimrian), an teilifís is an margadh baile.