Ba é Charles John Huffam Dickens (7 Feabhra 1812 - 9 Meitheamh 1870) an scríbhneoir Béarla ba mhó le rá sa ré Victeoiriach. Scríobhadh sé úrscéalta lán daoine as an ngnáth agus imeachtaí barrúla, agus é á bhfoilsiú i bhfoirm sraithe. Scríbhneoir mór-ráchairte a bhí ann lena linn féin, agus ní dheachaigh a chuid leabhar as cló riamh i ndiaidh a bháis ach an oiread.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Charles Dickens |
|
Breith | (en) Charles John Huffam Dickens 7 Feabhra 1812 Landport, England |
---|
Bás | 9 Meitheamh 1870 58 bliana d'aois Gads Hill Place, England (en) |
---|
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Rith fola ceirbreach) |
---|
Áit adhlactha | Abtheach Westminster |
---|
|
|
|
|
|
Reiligiún | Anglacánachas |
---|
Áit chónaithe | Músaem Charles Dickens Teach Tavistock |
---|
Teanga dhúchais | Béarla na Breataine |
---|
|
Réimse oibre | Litríocht |
---|
Suíomh oibre | Rochester |
---|
Gairm | scríbhneoir, údar, scríbhneoir litríocht pháistí, eagarthóir, scríbhneoir próis, drámadóir, iriseoir, criticeoir sóisialta, úrscéalaí, luibheolaí |
---|
Seánra | Úrscéal, gearrscéal, nóibhille agus neamhfhicsean |
---|
Gluaiseacht | Réalachas liteartha |
---|
Ainm cleite | Boz |
---|
Teangacha | Béarla agus Béarla na Breataine |
---|
|
Saothar suntasach |
Giorrúchán luibheolaíochta
| C.Dickens |
---|
Suíomh a chartlainne | |
---|
|
Teaghlach | Dickens family (en) |
---|
Céile | Catherine Dickens (1836–1858), idirscaradh pósta |
---|
Páirtí | Ellen Ternan |
---|
Páiste | Charles Dickens, Jr. ( Catherine Dickens) Alfred D'Orsay Tennyson Dickens ( Catherine Dickens) Sydney Smith Haldimand Dickens ( Catherine Dickens) Henry Fielding Dickens ( Catherine Dickens) Dora Annie Dickens ( Catherine Dickens) Francis Dickens ( Catherine Dickens) Kate Perugini ( Catherine Dickens) Walter Landor Dickens ( Catherine Dickens) Mary Dickens ( Catherine Dickens) Edward Dickens ( Catherine Dickens) |
---|
Athair | John Dickens agus Elizabeth Dickens |
---|
Siblín | Frederick Dickens, Alfred Lamert Dickens agus Augustus Dickens |
---|
Gradam a fuarthas |
|
|
|
Dún
Cuireadh Gaeilge ar thrí úrscéal le Dickens. Ba é Seán Mac Maoláin a d'aistrigh A Tale of Two Cities faoin teideal Scéal fá Dhá Chathair (is é sin, Scéal faoi Dhá Chathair sa Chaighdeán), agus chuir Seán Ó Ruadháin Gaeilge ar David Copperfield. Bhí Gaeilge Uladh ag aistritheoir an chéad leabhar acu, agus ba as Contae Mhaigh Eo don Ruadhánach, rud a chiallaíonn go bhfuil an dá aistriúchán Gaeilge difriúil go leor le chéile ó thaobh na canúna de. D'aistrigh An tAthair Pádraig Ua Duinnín an leabhar A Christmas Carol faoin teideal Duan na Nollag.