Seán Ó Ruadháin
scríbhneoir Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Gaeilge ó Ghaeltacht Thuaisceart Mhaigh Eo ab ea Seán Ó Ruadháin (20 Feabhra 1883 i nDumha Locha, Gaoth Sáile a rugadh é, in Iorras i dTuaisceart Mhaigh Eo - 22 Meitheamh 1966).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Feabhra 1883 Gaoth Sáile, Éire |
Bás | 22 Meitheamh 1966 83 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aistritheoir, scríbhneoir, múinteoir |
Is é an t-úrscéal Pádhraic Mháire Bhán, nó: An Gol is an Gáire an ceann is tábhachtaí dá chuid bunsaothar.
Scríobh sé don aos óg den chuid is mó; scríobh sé an díolaim Grinnscéalta do na páistí. Rinne sé a lán aistriúchán freisin: chuir sé Gaeilge ar David Copperfield le Charles Dickens, Travels with my Donkey (Mé féin is m'Asal) le Robert Louis Stevenson, agus Wild Sports of the West (Sealgaireacht an Iarthair) le William Hamilton Maxwell.
D'fhoilsigh sé ailt, scéalta agus aistí ar irisí éagsúla freisin, ar nós An Scuab, An Fáinne, Ar Aghaidh, An Connachtach agus The United Irishman, agus tháinig na mionscríbhinní seo i gcló faoi chlúdach leabhair i ndiaidh a bháis - An Mothall Sin Ort is teideal don díolaim seo.
Sna 1950idí, bhíodh aistí i gcló aige ar cheart na Gaeilge faoin teideal 'Ceart nó mícheart?'[1] agus is iomaí conspóid a mhúscail sé.