Nóibhille
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is nóibhille (nó úrscéal gearr scaití) ann ná insint scríofa phróis ficseanúil, atá níos faide ná úrscéilín nó gearrscéal ach atá níos giorra ná úrscéal, "sáinnithe idir an gearrscéal agus an t-úrscéal".[2]
Is féidir go mbeadh snáithe scéil amháin i nóibhille, príomhphearsa amháin, agus is féidir lena brí a theacht chun solais go díreach nó í a bheith léirithe gan dul i mbun na tarchéimnitheachta. Mar shampla, is nóibhille é Foster le Claire Keegan, ach is úrscéal é Small Things Like These léi de bharr go léirítear scéal bheatha Furlong féin chomh maith leis na heachtraí a tharlaíonn lena linn. Mura mbeadh a thaobh siúd againn den scéal, an cuntas faoi agus é ag fás suas, ba nóibhille a bheadh sa leabhar.[2]