Canúint Ghaeilge Uladh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is canúint de chuid na Gaeilge í Gaeilge Uladh. Go bunúsach, is ionann Gaeilge Uladh inniu agus Gaeilge Thír Chonaill, ó chuaigh na canúintí dúchasacha in éag in Oirthear Uladh sa chéad leath den 20ú haois. Tá difríochtaí suntasacha idir Gaeilge Uladh agus na canúintí eile. Ós rud é go raibh an-spéis ag gníomhaithe agus ag saineolaithe teanga i nGaeilge na Mumhan nuair a bhí teanga liteartha na Gaeilge á hathbheochan sa chéad leath den fhichiú haois, ba bheag duine taobh amuigh de Thír Chonaill a raibh eolas aige ar chanúint an chúige.
Cineál | canúint |
---|---|
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna na teangacha Ind-Eorpacha na teangacha Ceilteacha Ceiltis na nOileán teangacha Gaelacha an Ghaeilge |
Tá athrú mór tagtha ar an scéal le himeacht na mblianta áfach, agus is dócha go bhfuil Gaeilge Uladh ar cheann de na canúintí is bisiúla sa lá atá inniu: Tá Gaeilge Uladh le clos ar stáisiúin raidió (m.sh. Raidió Fáilte, BBC Raidió Uladh), le léamh in irisí (.m.sh. Nós, An tUltach) agus tá cuid mhaith mhór dá saintréithe ceadaithe de réir an Chaighdeáin is déanaí (m.sh. Córas an tSéimhithe, an fhoirm choibhneasta den bhriathar, an fhoirm scartha den chéad phearsa iolra).
Na canúintí a labhraítí roimhe seo in Oirthear Uladh, bhí siad an-chosúil le Gaeilge na hAlban. An cineál Gaeilge atá fágtha beo i dTír Chonaill inniu, agus í á foghlaim ag na Gaeilgeoirí sna Sé Chontae fosta, tá sí sách difriúil le Gaeilge na hAlban, bíodh go bhfuil cuid mhaith comhthréithre ag an dá chanúint sin i gcónaí.