Paul Jozef Crutzen
clíomeolaí Ísiltíreach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceimicí a rugadh in Amstardam ar an 3 Nollaig 1933 ab ea Paul Jozef Crutzen. Rinne sé taighde ar fhótaiceimic an ózóin san atmaisféar, agus léirigh i 1970 go raibh ról ag CFCanna (clórafluaracarbóin) in ídiú an ózóin sa chiseal ózóin.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Chruthaigh sé go bhfeidhmíonn siad mar chatalaígh is nach n-ídeofaí iad sna himoibrithe dochracha in aon chor. Mar sin, féadfaidh oiread beag de CFC dochar as cuimse a dhéanamh don chiseal ózóin.
Bhí an obair seo ina siocair leis an gcinneadh stop a chur le húsáid na CFCanna i gcuisneoirí is trealamh eile de réir a chéile.
Roinn sé Duais Nobel na Ceimice 1995 le Mario Molina is Sherwood Rowland.
Fuair sé bás ar 28 Eanáir 2021.[1]