Meitéareolaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Meitéareolaíocht is ea an staidéar ar an aimsir agus gnéithe uile an atmaisféir chun an aimsir a réamhinsint[1] (ón nGréigis: μετέωρο, meteron, "go hard sa spéir"; agus λόγος, logos, "eolas"). Scrúdaítear an teocht, an brú agus an gal uisce srl i dtrópaisféar an domhain. Tugtar meitéareolaí ar eolaí sa réimse seo. Ceann amháin de na heolaíochtaí atmaisféaracha é an meitéareolaíocht, in éineacht leis an clíomeolaíocht, an fisic atmaisféarach agus an ceimic atmaisféarach.