Lex Romana Visigothorum
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is Lex Romana Visigothorum ná bailiúchán de chuid an dlí Rómhánaigh, a tugadh air freisin dá éis sin; Breviarium Alaricianum. Bhí sé dírithe ar an bpobal a bhí Rómhánach ó thaobh cultúir de ina ríocht (a chlúdaigh an chuid is mó de Leithinis na hIbéire agus iarthar agus deisceart na Gaille, agus ba nasc ríthábhachtach é idir an dlí in Iarthar Impireacht na Róimhe i dtreo a deiridh agus an traidisiún dlí ba cheannasaí a mhair sa réigiún sin den Eoraip, mar a lán eile, go dtí gur códaíodh an dlí náisiúnta sa naoú haois déag. Thiomsaigh scríbhneoirí anaithnid agus d'faomh an referendarius Anianus é. ar ordú Alaric II, Rí na Viseagotach, le comhairle a easpaig agus uaisle. Fógraíodh é ar an 2 Feabhra 506,[1] an 22ú bliain dá fhlaitheas.[2] Ní raibh an dlí i bhfeidhm ar na huaisle Viseagotach, mar go raibh a ndlí féin acu, a chuir Euric le chéile.