Impireacht na Róimhe
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is gnách Impireacht na Róimhe a thabhairt ar thréimhse an rialtais uathlathaigh i stair na sibhialtachta sean-Rómhánaí. Tháinig ré na hImpireachta i ndiaidh na Poblachta Rómhánaí, a mhair an leathmhílaois ón mbliain 510 r. Chr. go dtí an aois dheireanach r. Chr. Ba é ba chúis le deireadh na Poblachta ná an lagú a tháinig ar fhorais agus ar thraidisiúin na Poblachta de dheasca na coimhlinte idir Gaius Marius agus Lucius Cornelius Sulla, agus, ina dhiaidh sin, de dheasca an chogaidh chathartha idir Iúil Caesar agus Pompeius. Is féidir tús na hImpireachta a dhátáil go héagsúil. Deir daoine áirithe gur tháinig deireadh leis an bPoblacht nuair a bhain Iúil Caesar amach an bhuandeachtóireacht (44 r.Chr.), ach is féidir a mhaíomh freisin gurbh é an lá ceart an lá ar chloígh Octavianus, oidhre Chaesar, a chuid naimhde i gCath Actium ar an 2 Meán Fómhair 31 r.Chr., nó an lá ar bhronn Seanad na Róimhe an t-ainm úd Ágastas air.
Impireacht na Róimhe | |||||
---|---|---|---|---|---|
Imperium Romanum (la) Βασιλεία τῶν Ῥωμαίων (grc) | |||||
|
|||||
Ainmnithe in ómós | An Róimh agus Cúige Imperia | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | An Róimh, Cathair Chonstaintín, Ravenna, Milano agus Rome | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 87,500,000 | ||||
• Dlús | 14.69 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Laidin an tSean-Ghréigis an Ghréigis | ||||
Reiligiún | creidimh na Sean-Róimhe agus state church of the Roman Empire (en) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | An tSean-Róimh | ||||
Achar dromchla | 5,957,000 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Poblacht na Róimhe | ||||
Bunaitheoir(í) | Ágastas | ||||
Díscaoileadh | 17 Eanáir 395 | ||||
Á leanúint ag | Impireacht na Róimhe Thiar agus an Impireacht Bhiosántach | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | uathlathas, monarcacht, teatrarcacht, triúracht agus monarcacht absalóideach | ||||
Comhlacht reachtach | Senate of the Roman Empire (en) | ||||
• Ceannaire an rialtais | luach ar iarraidh | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | airgeadra na Róimhe |
Go bunúsach, is é is brí leis an nath Laidine Imperium Romanum ná "na tailte atá faoi smacht ag an Róimh" - is é sin, tá an focal úd imperium (cumhacht, údarás pearsanta) ag tagairt do na críocha féin atá i gceist. Sroicheann an impireacht a fhad is a thugtar aird ar imperium an Impire. Ó ré Ágastais go dtí an lá ar thit an leath Iartharach den Impireacht as a chéile faoi thionchar Imirce Mhór na Náisiún, Ba í an Róimh an ríocht ba mhó cumhachta, daonra agus achair in Iarthar na hEoráise agus i dTuaisceart na hAfraice. Thosaigh an Róimh ag dul i bhfairsinge i bhfad sular tháinig an mhonarcacht i leaba na poblachta, agus shroich sí barr a fairsinge i ré an Impire Traianus, nuair a cloíodh an Dáicia (i Rómáin an lae inniu) sa bhliain 106. San am sin, bhí timpeall is 5,900,000 ciliméadar cearnacha de thailte faoi smacht na Róimhe. D'fhág an Róimh a sliocht ar chultúr, ar dhlí, ar theicneolaíocht, ar ealaíne, ar theangacha, ar reiligiún, ar rialtas, ar fhórsaí armtha, agus ar ailtireacht na sibhialtachtaí a tháinig i gcomharbas uirthi, agus is féidir a rá go gcaitheann an Róimh a scáth orainn inniu féin.
Scar dhá leath na hImpireachta - leath na Róimhe agus leath Chathair Chonstaintín - as a chéile, agus an bheirt acu ag tabhairt "Impireacht na Róimhe" orthu féin. Go traidisiúnta, glactar leis gur tháinig deireadh le hImpireacht na Róimhe ar an 4 Meán Fómhair 476, nuair a cuireadh Impire deireanach Iarthar na Róimhe, Romulus Augustus nó "Augustulus", as cumhacht, gan aon duine a ghlacfadh an ríchathaoir ina dhiaidh. Mar sin, chuaigh Impireacht Iarthar na Róimhe in éag i rith na cúigiú haoise, ach mhair an leath Oirthearach - an Impireacht Bhiosántach, mar is gnách a thabhairt uirthi inniu - go dtí an bhliain 1453, nuair a chuir na Turcaigh Otamánacha de dhroim an tsaoil í. Choinnigh na Biosántaigh cultúr agus dlí na sibhialtachta Gréagaí agus Rómhánaí beo ina measc, chomh maith leis an gCríostaíocht Heilléineach agus Cheartchreidmheach, ach níor mhair an Laidin ina mbéal, nó b'fhearr leo an Ghréigis, a bhí á labhairt go fairsing mar chineál francbhéarla in Oirthear na hImpireachta le fada.