Goit
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba threibh ilchineálach oir-Ghearmánach iad na Goit. Bhí ról tábhachtach ag dhá cheann dá ghéaga, na Viseagotaigh agus na hOstrogotaigh, le meath Impireacht na Róimhe san Iarthar agus dul chun cinn na hEorpa Meánaoisí. Bhí na Goit i gceannas ar limistéar ollmhór,[1] a d'fhéadfadh a bheith nuair a bhí sé in ard a réime, faoi réim an rí Ghearmánaigh Ermanarich agus a fho-rí Athanarich, leathnaithe ón Danóib go dtí an Don, agus ón Mhuir Dhubh go dtí an Mhuir Bhailt,[2] ar a bhuaic.
Labhair na Goit an teanga Ghotach, ceann de na teangacha Oir-Ghearmáineacha atá imithe in éag, a labhraíodh sa Chrimé sa 18ú haois ag Goit na Crimé; an dream Gotach is lú cumhachta, is lú aithne, agus aisteach go leor, an pobal Gotach is faide buan.
Tá an cultúr seandálaíochta 'Willenberg' (nó Die Willenberg-Kultur sa Ghearmáinis), comhcheangailte le teacht na nGot, agus a fhormhéadú leis an phobal dúchasach ina dhiaidh sin. Ó lár an dara haois ar aghaidh, chuaigh fo-bhuíonta na nGot seo ar imirce i dtreo an oirdheiscirt taobh le chúrsa abhann na Viostúile, ag baint an Scitia amach ar chósta na Mara Duibhe. Tá iarsmaí seandálaíochta fágtha acu bainteach leis an 'Chultúr Tschernjachow' (nó Die Tschernjachow-Kulturan sa Ghearmáinis) i Úcráin an lae inniu.