ScríbhneoirSasanach a rugadh i Londain ab ea Adeline Virginia Woolf (25 Eanáir1882 – 28 Márta1941). Tá ardmheas ag lucht na critice liteartha uirthi mar dhuine de na nua-aoisithe ba thábhachtaí ar domhan.[1] Fuair sí bás ar an 28 Márta 1941 tar éis di pócaí a cótaí a líonadh le clocha agus siúl isteach san abhainn Ouse, gar dá háit cónaithe.
Ba phearsa mhór í Virginia Woolf sa tréimhse idir an dá chogadh domhanda, go mórmhór i Londain Shasana. Bhí sí ar dhuine de na baill ba cháiliúla de Chumann Bloomsbury (grúpa liteartha ina raibh E.M. Forster agus John Maynard Keynes páirteach freisin).
I measc na saothar is mó le rá aici, tá na húrscéalta Mrs Dalloway (1925), To the Lighthouse (1927) agus Orlando (1925), agus an t-alt A Room of One's Own (1929), inar scríobh sí: "Ní mór do bhean airgead agus seomra dá cuid féin a bheith aici má tá sí chun ficsean a scríobh".[2]