Uí Fiodhghinte
From Wikipedia, the free encyclopedia
Luathdhream agus ríocht i dtuaisceart na Mumhan ab ea Uí Fiodhghinte (Sean-Ghaeilge Uí Fidgenti), suite go formhór i gContae Luimnigh an lae inniu, ach sínte i gContae an Chláir agus i gContae Thiobraid Árann isteach, agus b'fhéidir gur Contae Chiarraí agus Contae Chorcaí, ó am go chéile. Bhí siad faoi bhláth ó 377 AD go 977 (bás Donnabháin), cé gur lean a dtionchar le trí chéad bliain anuas.
Tá scéalta bunúis difriúla tugtha dóibh ag scoláirí éagsúla, idir luath- nó prót-Eoghanachta agus na Dáirine fosta, gan chomhaontú le feiceáil.