Eoghanachta
ríshliocht stairiúil Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ríora Gaelach bunaithe i gCaiseal ba ea na hEoghanachta (Meán-Ghaeilge Eóganachta). Bhídís i gceannas i ndeisceart na hÉireann, mar atá Ríocht na Mumhan, óna 6/7ú go 10ú haoiseanna,[1] agus ina dhiaidh sin, i bhfoirm laghdaithe, sa Ríocht Deasmhumhan agus a fho-ríocht Cairbrigh, go dtí déanach sa 16ú haois.
Deirtear de réir sean-nóis gurbh é Conall Corc bunaitheoir an ríora, ach ainmnithe as a shinsear Eoghan, chéadpháiste an rí leathstairiúil den 3ú haois, Ailill Ólom. Bhunaigh sé a lárionad ríoga ag Caiseal go déanach sa 5ú haois.[2]