Trom (crann)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Crann nó tor duillsilteach den chineál Sambucus, a fhásann 10 m ar airde. An-fhorleathan. An choirt eitreach, cosúil le corc. Na duilleoga urchomhaireach cleiteach, na duilleoigíní fiaclach. Na bláthanna bánbhuí i gcrobhaingí móra barrleata, 10-20 cm ar leithead. Na caora scothchorcra/dubh ag deireadh an tsamhraidh, agus déantar fíon is glóthach astu. Gach cuid eile den chrann nimhiúil. Sa sean-am is iomaí leigheas a dheantaí as codanna éagsúla de.
Fíricí Gasta Sambucus, Planda ...
Sambucus | |
---|---|
trom | |
Planda | |
Cineál an toraidh | drúp agus caor |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Dipsacales |
Fine | Viburnaceae |
Géineas | Sambucus L., 1753 |
Dún
Tá Baile Átha Troim ainmnithe dó.[1]