Traonach
speiceas éan / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is cineál éin é an traonach[1] ar a dtugtar freisin an gearr goirt agus an traona (Crex crex nó corn crake i mBéarla) den fhine Rallidae (gaolta leis an Rálóg dar ndóigh) a bhíos le fáil in Éirinn, san Eoraip go forleathan, agus in Iarthar na hÁise sa samhradh. Caitheann an traonach an geimhreadh san Afraic thoir theas (.i. Madagascar, Mósaimbíc, an Tansáin, agus an tSaimbia) agus tagann siad go hÉirinn le linn an tsamhraidh (Mí Aibreáin go dtí Meán Fómhair), áit a neadaíonn siad agus a dtógann siad a gcuid scalltán.
Crex crex | |
---|---|
Sonraí | |
Mais | 13.2 g (meáchan breithe) |
Réise sciathán | 50 cm |
Meánlíon in ál | 9.8 |
Tréimhse ghoir | 17 laethanta |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22692543 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Gruiformes |
Fine | Rallidae |
Géineas | Crex |
Speiceas | Crex crex Linnaeus, 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Níl an traonach an-choitianta in Éirinn anois ná ar fud na hEorpa ach an oiread. Ach le dianiarrachtaí de chuid na bhfeilméaraí, tá an traonach fós ag áitriú áiteanna in Éirinn, go háirithe ar roinnt de na hoileáin ar chósta thiar na hÉireann. In Éirinn, cónaíonn an traonach le taobh na Sionainne agus ar chósta thuaisceart Dhún na nGall agus ar chósta Iarthar Chonnacht.[2]