Steiteascóp
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ionstraim mhíochaine chun fuaimeanna ón taobh istigh den cholainn a bhrath is ea an steiteascóp.[1] Cheap an lia Francach René Laënnac é i 1816. Ar dtús, feadán nó cón ab ea é, a bhí déanta as pháipéar nó adhmad. Sa steiteascóp nua-aoiseach bíonn clog nó scannán, atá déanta as miotal nó plaisteach, a chuirtear ar chraiceann duine chun an fhuaim a ghlacadh is a aimpliú roimh í a sheoladh ar feadh feadán solúbtha Y-chruthach rubair go dtí cluasáin i gcluasa an scrúdaitheora. Is féidir fuaimeanna normálta is mínormálta a bhrath ón gcroí, na scamhóga, is na putóga.[2]
Fíricí Gasta Sampla de, Sonraí bunúsacha ...
Sampla de | feiste leighis |
---|---|
Sonraí bunúsacha | |
Úsáid | Éisteachas |
Croineolaíocht | |
Arna fhionnachtain ag | René Théophile Hyacinthe Laënnec |
Dún