Réalteolaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist leis an réalteolaíocht ná taighde ar na reanna neimhe, cosúil leis na réaltaí, na pláinéid, na cóiméid, agus na réaltraí, chomh maith leis na feiniméin go léir taobh amuigh d'atmaisféar an domhain, cosúil leis an radaíocht chosmach. Baineann an réalteolaíocht leis an éabhlóid, leis an bhfisic, leis an gceimic, leis an meitéareolaíocht agus le gluaisne na reann neimhe, chomh maith le forbairt agus le fabhrú na cruinne.
Tá an réalteolaíocht ar ceann de na heolaíochtaí is sine atá ann. Is dócha go raibh an duine réamhstairiúil féin i dtuilleamaí na réaltaí leis na treoracha a aimsiú agus é ag fánaíocht san fhásach nó ag seoltóireacht amuigh ar an teiscinn mhór. Bhí lucht réalteolaíochta éigin ag na cultúir is sine dá bhfuil aithne againn orthu, agus breathnuithe spéire idir lámhaibh acu go tráthrialta, ach tháinig na seandálaithe trasna ar ghléasra réalteolaíochta is sine ná na cultúir sin féin.
Ón taobh eile de, níor tháinig an réalteolaíocht i gcrann mar bhrainse nua-aimseartha eolaíochta sular tógadh an chéad teileascóp. Is féidir a rá gur craobhacha stairiúla réalteolaíochta iad an réaltmhéadracht, an loingseoireacht réaltach, an réalteolaíocht bhreathnaitheach, an fhéilireacht agus an astralaíocht féin, ach inniu, is gnách a shíleadh gurb ionann an réalteolaíocht nua-aimseartha agus an réaltfhisic.
I rith na fichiú haoise, scoilt an réalteolaíocht ina dhá brainse, mar atá, an réalteolaíocht bhreathnaitheach agus an réalteolaíocht theoiriciúil.
- Is é an rud a bhíonn idir lámhaibh ag na réalteolaithe breathnaitheacha ná bailiú na sonraí agus a n-anailísiú de réir bhunphrionsabail na fisice.
- Maidir leis an réalteolaíocht theoiriciúil, díríonn sí ar fhorbairt na samhlacha eolaíocha - samhlacha ríomhbhunaithe nó ríomhchruthaithe iad go minic - le himeachtaí na spéire agus an spáis a mhíniú is a chiallú.
Tá an dá chineál réalteolaíochta ag cur le chéile go minic, ó bhíonn teoiricí de dhíth leis na breathnuithe a mhíniú, agus breathnóireacht ag teastáil leis na teoiricí a dheimhniú is a fhíorú.
Ceann den bheagán eolaíochtaí í an réalteolaíocht a bhaineann leas suntasach as obair na n-amaitéarach. Tá spéir na réaltaí fairsing go maith, agus ní féidir leis na réadlanna súil a choinneáil ar gach aon réalta ná ar gach aon chearn den spéir. Mar sin, is minic a thagann breathnuithe na réalteolaithe amaitéaracha isteach áisiúil ag an réalteolaí proifisiúnta, má tá rud éigin as an ngnáth tugtha faoi deara acu.
Ní mór an réalteolaíocht a aithint thar an astralaíocht. Ní eolaíocht í an astralaíocht ach córas creidimh a ghlacann leis go bhfuil tionchar ag na reanna neimhe ar shaol na ndaoine.