Richard Smalley
ceimiceoir Meiriceánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceimicí a rugadh in Akron, Ohio ab ea Richard E. Smalley (6 Meitheamh 1943 – 28 Deireadh Fómhair 2005). D'fhás sé aníos in Kansas City. Rinne staidéar ag Ollscoil Michigan (B.S., 1965), Ollscoil Princeton (Ph.D., 1973), agus Ollscoil Chicago (clár iar-dochtúra). Ollamh ag Ollscoil Rice in Houston, Texas a bhí ann agus ba in Houston a d'éag sé. Ceannródaí na nanaitheicneolaíochta a bhí ann.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Richard Errett Smalley 6 Meitheamh 1943 Akron, Ohio |
Bás | 28 Deireadh Fómhair 2005 62 bliana d'aois Houston, Texas, Texas |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Chronic lymphocytic leukemia (en) ) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Princeton - ceimic orgánach (–1973) Coláiste Hope Ardscoil Southwest Ollscoil Michigan - ceimic (–1965) Ollscoil Chicago Southwest Early College Campus (en) |
Áit chónaithe | Akron |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceimic orgánach |
Gairm | ceimiceoir, ollamh, eolaí |
Fostóir | Ollscoil Rice |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas
| |
Ag obair lena chomhghleacaithe Robert Curl is Harold Kroto ar ábhair leathsheoltacha, tháinig sé ar ábhar nua de thimpiste i 1985. Ag eisídiú adaimh carbóin as dromchla le léas léasair, á bhfuarú is á sú isteach i bhfolús, ba mhóilíní le 60 adamh carbóin iontu, is uaireanta le 70 adamh carbóin, a fuair siad mar thoradh den chuid is mó. Ba é seo 3ú allatróp an charbóin, C60. Graifít, a bhfuil cruth leatháin uirthi, is diamant, a bhfuil cruth teitrihéidreach air, an dá cheann eile. Chinn na taighdeoirí gur cruth cáis sféarúla, cosúil leis an gcruinneachán geodasach a dhear Buckminster Fuller, cosúil le liathróid sacair, a bhí san allatróp nua, le hadamh carbóin ag gach cúinne. Tús ab ea na millíní bucaí nó na fullairéiní seo le réimse torthúil lán-nua ceimice, an nanaiceimic. Bronnadh Duais Nobel na Ceimice ar an triúr i 1996.[1]