Ríthe na Mumhan
liosta / From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Ríthe na Mumhan i réim ó bhunús Ríocht na Mumhan le linn na hIarannaoise go dtí an ard-mheánaois. De réir seanchas na nGael, inste mar shampla i Leabhar Gabhála na hÉireann, ba é Bodhb Dearg na dTuath Dé Danann an rí is luaite. Thug na Dáirine (aitheanta fosta mar an Chorca Laidhe agus Uí Eidirsceoil sa lá atá inniu ann) roinnt luathríthe, Cú Raoi san áireamh. De réir Cath Maige Mucrama, thit na hÉarainn i léig sa 2a haois AD agus tháinig na Deirgtine, sinsir na nEoghanacht, i gceannas. Le linn an ama seo, ba chuid den Leath Mhogha é an cheantar úd, agus an chuid eile den tír, an Leath Choinn, go formhór faoi cheannas na gConnachta.
Nuair a cailleadh Osraí san oirthear, ceapadh Caiseal mar phríomhchathair na Mumhan ag na hEoghanachta. Bhí an chlann seo i gceannas kindred ruled gan aon bhriseadh go dtí an 10ú haois. Cé go raibh muintir Uí Néill i gceannas mar the Ard-Ríthe na hÉireann le linn an ama seo, sár-iomaitheoirí ab ea beirt Eoghanacht ar a laghad, Cathal mac Finguine agus Feilimí mac Criomhthainn.
Ba iad clanna Eoghanacht Chaisil (Uí Shúilleabháin agus Mic Cárthaigh mar ionadaithe), Eoghanacht Ghleanndamhnach (Uí Chaoimh) agus Eoghanacht Áine (Uí Chiarmhaic) na géaga is mó le rá sa treibh úd. Scaoileadh a leis a ngreim cumhachta ámh nuair a tháinig Brian Bóramha den Dál gCais chun cinn, a thóg clann Uí Bhriain isteach mar ríthe na Mumhan. Ag an am gcéanna, Munster had to contend with the Normannaigh.
Sa deireadh, tháinig an ríocht chun críche nuair a scaradh í (críochdheighilt na Mumhan) and bunaíodh ríochtaí na Tuamhan, Deasumhan agus Urumhan. Tháinig an chéad dá cheann chun críche in am trátha sa 16ú haois, le bunú Ríocht na hÉireann, nuair a ceapadh na hiar-ríthe ina dTiarnaí na hÉireann. Bhí roinnt iarrachtaí chun cumhacht Ghaelach sa Mhumhain a athbhunú, amhail is ag Finghin Mac Cárthaigh agus Domhnall Cam Ó Súilleabháin Bhéara, ach theip orthu.