Ríocht na Mumhan
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ríocht i nÉirinn na nGael ba ea Ríocht na Mumhan, suite i n-iardheisceart na tíre ón chéad aois RC ar a laghad go dtí an bhliain AD 1118. De réir stair traidisiúnta na hÉireann, mar shampla i nAnnála na gCeithre Máistrí, bunaíodh an ríocht ag Clann Dedad (aitheanta fosta mar na Dáirine), treibh Éarann de chuid na nGael. Feictear roinnt ríthe go suntasach sa Rúraíocht, amhail is Cú Raoi agus Conaire Mór. Le roinnt aoiseanna, chuaigh siad i ngleic ar ag son Ard-Ríogacht na hÉireann, ach sa deireadh thit siad siar óna gConnachta, sliocht Choinn Chéadchathaigh.
Ríocht na Mumhan | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Daonra | |||||
Teanga oifigiúil | Gaeilge Chianach | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1 haois "RCh" | ||||
Díscaoileadh | 1138 | ||||
Á leanúint ag | Deasmhumhain, Tuamhain agus Osraí |
Tharla athruithe mór sa Mhumhain i rith na 7ú haoise, nuair a thit an Chorca Laidhe (sinsear Uí Eidirsceoil) as cumhacht. Tógadh Osraí, a bhí faoi cheannas na Mumhan le dhá aois, ar ais ag an Dál Birn (sinsear Mhic Giolla Phádraig). D'athraigh fo-dhreamanna éagsúla, amhail is an Múscraí, a gcuid dílseachta agus tháinig dá bharr na hEoghanachta i gceannas. Le trí aois anuas, chuaigh fo-theaghlaigh éagsúla a fháil is Eoghanacht Chaisil (sinsear Uí Shúilleabháin agus Mhic Cárthaigh)[1] agus Eoghanacht Ghleanndamhnach (sinsear Uí Chaoimh) i ngleic le haghaidh cuirim na Mumhan. D'fhorbraíodh an Chríostaíocht Cheilteach ag an am seo, agus d'éirigh Carraig Phádraig (Caiseal) chun cinn ina ionad. Bhí sé ar a gcumas ag beirt ríthe, Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh agus Cathal mac Finguine, Mumhan a ardú ina príomhríocht le seal gairid.
Ón 9ú haois ar aghaidh, bhí an Mhumha faoi ruathar na Lochlannach agus Uí Íomhair i gceannas, a lonnaigh i Luimneach, Port Láirge agus Corcaigh. Ag an am gcéanna, tháinig an Dál gCais (sinsear Uí Bhriain),[2] a aitheanta Futa mar na Déise, chun cinn in éadan na nEoghanacht, le cabhair ón Uí Néill. Ba é Brian Bóramha agus a chuid eachtraí a bhunaigh réim an Dáil Chais an chuid eile den 11ú haois. Mar thoradh corraíola intíre ámh, críochdheighleadh an Mhumha ag an Ard-Rí Toirdhealbhach Ó Conchúir le Conradh Ghleann Maghair sa bhliain 1118, idir Tuadhmhumhain faoi cheannas Uí Bhriain, agus Deasmhumhain faoi cheannas Mhic Cárthaigh.