Réamhstair na hÉireann
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá eolas againn ar réamhstair na hÉireann mar gheall ar fhianaise sheandálaíochta agus fianaise ghéinitigh. Tá datá de thimpeall 12,500 bliain ó shin curtha ar an bhfianaise is sine atá againn de dhaoine ag maireachtáil in Éirinn.[1] Tagann réamhstair na hÉireann chun deiridh le tús an taifid stairiúil, timpeall 400 AD. Clúdaíonn an tréimhse seo antSean-Chlochaois, Lár na Clochaoise, An Nua-Chlochaois, an Aois Chré-umha agus an Iarannaois. Cuireadh tús leis an taifead stairiúil i roinnt mhaith den Eoraip le hionraí na Rómhánach sna críocha siúd; ós rud é nach ndearna na Rómhánaigh riamh Éire a ghabháil, is é teacht na Críostaíochta, a tharla beagáinín níos déanaí, an imeacht lena gcuirtear tús leis an taifead stairiúil inti.