Réabhlóid Dheireadh Fómhair
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sórt réabhlóide nó, mar is dóigh leis an gcuid is mó de na saineolaithe inniu, coup d'état sa Rúis i mí na Samhna sa bhliain 1917 ab ea Réabhlóid Dheireadh Fómhair, nó an Réabhlóid Bhoilséiveach.[1] Tugtar Réabhlóid Dheireadh Fómhair uirthi, toisc go raibh Féilire Iúil i bhfeidhm sa Rúis go fóill le linn na réabhlóide. Ina dhiaidh sin, tháinig an Féilire Ghréagóra in úsáid go hoifigiúil, agus de réir an fhéilire sin, thosaigh an réabhlóid seo ar an gcúigiú lá de Mhí na Samhna (an tríú lá fichead de Mhí Dheireadh Fómhair, de réir Fhéilire Iúil).[2]
Cineál | réabhlóid |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Deireadh Fómhair |
Cuid de | Réabhlóid na Rúise 1917 agus Réabhlóidí 1917–1923 |
Tréimhse | 25 (Iúlach) - 26 Deireadh Fómhair 1917 (Iúlach) |
Dáta na bliana | 7 Samhain 1917 25 Deireadh Fómhair 1917 (Iúlach) |
Suíomh | 25 Deireadh Fómhair 1917 (Iúlach): Cathair Pheadair, An Rúis |
Tír | Poblacht na Rúise |
Rannpháirtí | |
Sprioc | cumannachas |
B'iad an páirtí Boilséiveach, an páirtí Meinséiveach, eite chlé an pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh, agus na hAinrialaigh a bhí páirteach i Réabhlóid Dheireadh Fómhair, ach b'iad na Boilséivigh a bhain an leas ba mhó as an réabhlóid, nó tháinig siad i seilbh na Rúise go hiomlán, agus chaith siad a gcuid comhghuaillithe i leataobh i ndiaidh na réabhlóide. An Rialtas Sealadach faoi Alexander Kerensky a bhí ag rialú na Rúise roimhe sin, chaill sé an chumhacht, ach d'éirigh lucht a leanúna amach in aghaidh na mBoilséiveach, agus phléasc cogadh cathartha amach idir na Bána is na Dearga.
Ba pháirt de Réabhlóid na Rúise 1917 í Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Thosaigh an réabhlóid sin le Réabhlóid na Feabhra, agus ba de thoradh na réabhlóide sin a tháinig an Rialtas Sealadach ar an bhfód ar an chéad ásc.