Féilire Iúil
From Wikipedia, the free encyclopedia
Féilire a bhunaigh Iúil Caesar i 46 RC de bhrí go raibh an féilire a bhí in úsáid ó 153 RC suas le 3 mhí as alt leis na séasúir. Chuir sé 67 lá breise sa bhliain 43 RC, agus chinntigh go mbeadh 365 lá sa bhliain is lá breise gach 4 bhliain (bliain bhisigh), ar dtús trí dhá 24 Feabhra a bheith ann. Modhnaíodh in 8 AD é nuair a ceartaíodh feidhmiú na mblianta bisigh. In úsáid sa chuid is mó den Eoraip go dtí 1582 nuair a chuireadh féilire Ghréagóra i bhfeidhm.[1]
Fíricí Gasta Cineál, Ainmnithe in ómós ...
Cineál | féilire na gréine arithmetic calendar (en) interval scale (en) |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Iúil Caesar |
Bailíocht | 45 "RCh" - |
Codanna | |
Dún