Pol Pot
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba é Pol Pot (19 Bealtaine, 1928[1][2][3][4][5] - 15 Aibreán, 1998), nó Saloth Sar, mar a bhí air ar dtús, deachtóir Cumannach na Cambóide sna seachtóidí. Ba eisean príomh-aire na tíre, agus é i gceannas ar na Ciméaraigh Dhearga, a chuir timpeall trí mhilliún duine chun báis a fhad is a d'fhan siad ag rialú na tíre. Sa bhliain 1979, cuireadh an ruaig orthu nuair a d'éirigh ina chogadh idir Vítneam agus an Chambóid.
Ainm sa teanga dhúchais | (km) ប៉ុល ពត |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (km) សាឡុត ស 19 Bealtaine 1925 Prek Sbauv (French Indochina) |
Bás | 15 Aibreán 1998 72 bliana d'aois Anlong Veng, An Chambóid |
Áit adhlactha | Anlong Veng |
Príomh-aire na Cambóide | |
25 Deireadh Fómhair 1976, 14 Aibreán 1976 – 7 Eanáir 1979, 27 Meán Fómhair 1976 ← Nuon Chea – Pen Sovan → | |
Ard-Rúnaí Pháirtí Cumannach na Cambóide | |
Feabhra 1963 – 1981 ← Tou Samouth | |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Pol Pot |
Reiligiún | An tAindiachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | EFREI Lycée Sisowath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, oifigeach míleata |
Tréimhse oibre | 1963 – 1997 |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Cumannach na Campúise Páirtí na Campúise Daonlathaí Cambodian National Unity Party (en) |
Gluaiseacht | Radacachas, Maochas, frithchoilíneachas, frithchaipitleachas agus talúntachas |
Mac/iníon léinn de chuid | Keng Vannsak |
Teangacha | An Chiméiris |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | oifigeach coitianta |
Coinbhleacht | Cogadh Vítneam agus Cogadh Cathartha na Cambóide |
Eile | |
Céile | Khieu Ponnary |
Athair | Saloth Phem |
Siblín | Saloth Chhay agus Loth Suong (en) |
Ciontaíodh i | dúnmharú |
Gradam a fuarthas | |
Glactar leis gur giorrúchán é an t-ainm sin Pol Pot de na focail Fhraincise politique potentielle, a thagraíonn don chumhacht pholaitiúil. Meastar go bhfuil Pol Pot ar dhuine den chúigear slua-mharfóirí is measa i stair an chine dhaonna, nó nuair a bhí sé ag rialú a thíre, fuair duine as gach triúr bás de dheasca na bpolasaithe a bhí i bhfeidhm aige - aslonnú an daonra ó na cathracha go dtí an tuath agus pionós báis don fhreasúra.
Ní bhfuair Pol Pot féin aon phionós as a chuid coireanna, nó shíothlaigh sé istigh sa dufair, áit a raibh sé ar a sheachnadh ó lámh an dlí is an chirt.