Pistacia lentiscus
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tor nó crann beag dé-éiciach síorghlas is ea Pistacia lentiscus (Gréigis: μαστίχα) den fhine Pistacio, a fhásann suas go dtí 4 m ar airde agus a shaothraítear le haghaidh a roisín aramataigh, den chuid is mó ar an oileán Gréagach Cíos. Tugtar an crann maisteoige[1] nó maisteog air i nGaeilge. Is as réigiún na Meánmhara ó dhúchas é, ó Mharacó agus an Ibéir san iarthar tríd an Fhrainc agus an Tuirc ó dheas go dtí an Iaráic agus an Iaráin san oirthear. Tá sé freisin dúchasach do na hOileáin Chanáracha. Tá an focal maisteog díorthaithe ón bhriathar Gréigise mastichein ("na fiacla a bhualadh le chéile"). Luaitear an crann seo sa Bhíobla, Dainéil 13:54: “‘Má chonaic tú í dáiríre, más ea, inis dom: Cén sórt crainn a raibh siad faoi nuair a chonaic tú iad i mbarróg ina chéile?’ D'fhreagair sé: ‘Faoi chrann maisteoige.’”[2]
Sonraí | |
---|---|
Is foinse é an tacsón seo de | Guma arabach |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 202960 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Sapindales |
Fine | Anacardiaceae |
Géineas | Pistacia |
Speiceas | Pistacia lentiscus L., 1753 |