Naomh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa Chríostaíocht, is éard is naomh ann ná duine a aithnítear mar thar a bheith naofa, nó mar dhuine a bhfuil gaol an-ghairid aige nó aici le Dia. Mar sin féin, braitheann úsáid an téarma naomh ar an gcomhthéacs agus ar an sainchreideamh. Sa Chaitliceachas, Ceartchreidmheachas, Anglacánachas, agus Liútarachas, creidtear gur naoimh iad na daoine go léir atá ar shlí na fírinne, ach gur fiú níos mó onóra a thabhairt do dhaoine áirithe.[1] Bronntar aitheantas oifigiúil, agus dá réir sin cultas poiblí adhartha, ar naoimh áirithe trí “chanónú” san Eaglais Chaitliceach, nó “glóiriú” in Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir.[2][3]
Tagann an focal naomh ón tSean-Ghaeilge noíb,[4] ó Phrótai-Cheiltis *noybo-, ó Prótai-Ind-Eorpais *neybʰ- (“beannaithe, naofa”).[5]