Marlon Brando
aisteoir Meiriceánach (1924–2004) / From Wikipedia, the free encyclopedia
B'aisteoir Meiriceánach é Marlon Brando, Jr. (3 Aibreán, 1924 – 1 Iúil, 2004), buaiteoir Oscar, a bhfuil aithne go forleathan air mar cheann de na haisteoirí ab fhearr den 20ú haois.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Chuir sé teicnící an chórais Stanislavski i bhfeidhm, ar ar tugadh an modh aisteoireachta, sna scannáin A Streetcar Named Desire agus On the Waterfront, stiúrtha ag Elia Kazan sna 1950í luatha.
Mar gheall ar a stíl aisteoireachta agus a íomhá mar reibiliúnaí i Hollywood na 1950í, bhí an-tionchar aige ar ghlúin aisteoirí cosúil le James Dean agus Paul Newman, agus ina dhiaidh sin, ar Robert De Niro agus Al Pacino.