Long phlátáilte
From Wikipedia, the free encyclopedia
Téarma ón 19ú céad ar long chogaidh a bhíodh cosanta ag plátaí iarainn is ea long phlátáilte.[1] Bhí cuid díobh déanta ina hiomláine as iarann, agus níos déanaí, as cruach. Ba é an frigéad Francach La Gloire a lainseáladh i 1859, an chéad long phlátáilte san iarthar. An bhliain ina dhiaidh sin lainseáladh an chéad cheann Briotanach, Warrior.[2]