John Wilkes Booth
aisteoir Meiriceánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Aisteoir Meiriceánach ab ea John Wilkes Booth (10 Bealtaine, 1838 – 26 Aibreán, 1865). B'eisean an duine a d'fheallmharaigh Abraham Lincoln, a bhí ar an séú hUachtarán déag ar na Stáit Aontaithe, ar 15 Aibreán, 1865.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Bealtaine 1838 Bel Air, Maryland |
Bás | 26 Aibreán 1865 26 bliana d'aois Port Royal, Virginia |
Siocair bháis | Dúnmharú (Tráma balaistíoch) |
Áit adhlactha | Green Mount Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Protastúnachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ardscoil Bel Air |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Feallmharfóir, aisteoireacht, feallmharú agus dúnmharú polaitiúil |
Gairm | aisteoir, feallmharfóir, coirpeach, aisteoir stáitse, scríbhneoir, dúnmharfóir |
Tréimhse oibre | 1855 – |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Athair | Junius Brutus Booth |
Siblín | Edwin Booth, Junius Brutus Booth, Jr. agus Asia Booth |
Croineolaíocht | |
15 Aibreán 1865 | Feallmharú Abraham Lincoln |
|
Dún
Fear a bhí gafa le mianta na Cónaidhme ba ea é. Lena chois sin bhí sé gafa leis an mian a bheith cáiliúil agus an tuiscint aige go raibh rudaí tábhachtacha ina chinniúint.[1]
Ba é an Rúnaí Cogaidh ag Lincoln, Edward Stanton, a bhí ar thosach cadhnaíochta sa tóraíocht dhá lá dhéag ar John Wilkes Booth. Bhí luaíocht $50,000 á tairiscint aige ag an am, suim ollmhór ag an am.
Ar an 26 Aibreán 1865, lámhachadh John Wilkes Booth.