John Ambrose Fleming
fisicí Sasanach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Fisicí a saolaíodh i Lancaster Shasana ab ea John Ambrose Fleming (29 Samhain 1849 - 18 Aibreán 1945). D'fhionn sé an feadán teirmianach, gléas bunúsach sa leictreonaic. Ceannródaí in úsáid an leictreachais i gcomhair soilsithe is téimh ar scála forleathan. Leag sé amach rialacha Fleming. I riail na deasóige (riail an ghineadóra) a thagann i bhfeidhm i ngineadóir leictreach, baintear úsáid as an lámh dheas leis an ordóg, an chéad mhéar is an dara méar sínte amach ag dronuillinneacha le chéile: léiríonn an ordóg treo gluaiseachta na sreinge, an chéad mhéar treo an réimse mhaighnéadaigh, is an dara méar treo an tsrutha ionduchtaithe sa tsreang. I riail na ciotóige (riail an mhótair) a bhaineann le mótar leictreach is callaire, baintear úsáid as an lámh chlé leis an ordóg, an chéad mhéar is an dara méar sínte amach ag dronuillinneacha le chéile: léiríonn an ordóg treo gluaiseachta na sreinge, an chéad mhéar treo an réimse mhaighnéadaigh, an dara méar treo an tsrutha a ritear sa tsreang, agus ansin léiríonn an ordóg treo an fhórsa ar an tsreang freisin.[1]