Johann Gottlieb Fichte
fealsamh Gearmánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Fealsamh Gearmánach ba ea Johann Gottlieb Fichte. Bhí sé orthu siúd a bhunaigh an ghluaiseacht fhealsúnach a dtugtar idéalachas Gearmánach uirthi, gluaiseacht a d’eascair ó shaothar teoiriciúil agus eiticiúil Immanuel Kant. Tá meas ag teacht ag fealsúna agus ag scoláirí ar Fichte mar fhealsamh a bhfuil tábhacht leis ann féin de bharr an léargais a thug sé ar an bhféintuiscint. Ba é Fichte a cheap an modh téis, fritéis, sintéis,[1], rud a luaitear go minic le Hegel.[2]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 19 Bealtaine 1762 Rammenau |
Bás | 27 Eanáir 1814 51 bliana d'aois Beirlín |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Tíofas) |
Áit adhlactha | Reilig Dorotheenstadt |
Ollamh | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | luach ar iarraidh |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Jena Ollscoil Königsberg Ollscoil Leipzig Landesschule Pforta |
Comhairleoir dochtúireachta | Immanuel Kant |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fealsúnacht |
Suíomh oibre | Jena Beirlín Zürich |
Gairm | fealsamh, múinteoir ollscoile, scríbhneoir |
Fostóir | Ollscoil Jena Ollscoil Humboldt Bheirlín Ollscoil Bheirlín Ollscoil Erlangen-Nürnberg |
Ball de | |
Gluaiseacht | Idéalachas Gearmánach agus German Romanticism (en) |
Mac/iníon léinn de chuid | Christian Friedrich Petzold, Friedrich August Wilhelm Wenck, Franz Volkmar Reinhard, Ernst Platner, Johann August Heinrich Ulrich agus Immanuel Kant |
Mac/iníon léinn | Friedrich Wilhelm Joseph Schelling agus Johann Erich Berger |
Faoi thionchar | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Teaghlach | |
Céile | Johanna Rahn (1793–) |
Dún
Chomh maith leis sin, scríobh Fichte saothair faoi fhealsúnacht pholaitiúil; tá cáil air mar dhuine díobh siúd a chuir tús leis an náisiúnachas Gearmánach.