Jeanne d'Arc
banlaoch Francach agus naomh Caitliceach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Gaiscíoch den chúigiú haois déag ba ea Jeanne d’Arc (c. 1412 – 30 Bealtaine 1431). Banlaoch náisiúnta de chuid na Fraince ba ea í agus tugadh "Ainnir Orléans" uirthi chomh maith. Cailín tuathánach ba ea í a rugadh in Oirthear na Fraince.
Bhí sí i gceannas ar arm na Fraince san iliomad buanna tábhachtacha le linn Chogadh an Chéad Bliain, ag maíomh go raibh treoir Dé á fáil aici, agus bhí sí freagrach go hindíreach as corónú Rí Shéarlas VII. Ghabh na Sasanaigh í, rinneadh í a thriail os comhair cúirte eaglasta agus dódh ag an stáca í nuair a bhí sí naoi mbliana déag d’aois.
Ceithre bliana is scór ina dhiaidh sin, rinne an Suí Naofa athbhreithniú ar chinneadh na cúirte eaglasta, fuarthas neamhchiontach í, agus gaireadh ina mairtíreach í. Beannaíodh sa bhliain 1909 í agus canónaíodh í ina dhiaidh sin sa bhliain 1920.
Dhearbhaigh Jeanne go raibh rudaí ó Dhia á dtaibhreamh di, físeanna a d’inis di a tír dhúchais a aisghabháil ó cheannas Sasanach go déanach i gCogadh an Chéad Bliain. Rinne Rí Shéarlas VII, nach raibh corónaithe ag an am, í a chur chuig an léigear ag Orléans mar chuid de mhisean fóirithinte. Tháinig sí in ardréim nuair a sháraigh sí meon diúltach na gceannasaithe ársa agus chuir sí deireadh leis an léigear taobh istigh de naoi lá. Rinneadh Séarlas VII a chorónú ag Reims de bharr níos mó buanna tapa éagsúla agus socraíodh an comharbas chun na corónach a raibh conspóid faoi.
Féachtar ar Jeanne d’Arc fós mar dhuine tábhachtach ar fud chultúr an Iarthair. Ó aimsir Napoleon go dtí an lá atá inniu ann, tá aird tugtha ag polaiteoirí na Fraince de gach claonadh ar a cuimhne. I measc na mórscríbhneoirí agus na gcumadóirí a bhfuil saothair scríofa acu fúithi tá Shakespeare, Voltaire, Schiller, Verdi, Tchaikovsky, Twain agus Shaw. Leantar ag tabhairt cuntais uirthi go fóill i scannáin, ar an teilifís, i bhfíschluichí, in amhráin agus i ndamhsaí.