An Cogadh Céad Bliain
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sraith coimhlintí a troideadh thar tréimhse de chéad agus sé bliana déag (idir 1337 go 1453) ba ea An Cogadh Céad Bliain, ina raibh dhá ríshliocht, Teaghlach na bPlantaigíneach agus Ríora Chapetach de Valois, i gcoimhlint lena chéile. Ní hamhlaidh, áfach, go raibh cogadh gan sos ar siúl ar feadh na tréimhse go léir, mar ba mhinic a tharla tréimhsí fada síochána, sa dóigh nach raibh cogaíocht ar bun ach timpeall leath an ama sin.
An Cogadh Céad Bliain | |||
Dáta: | 1337–1453 | ||
Áit: | An Fhrainc agus an Ísiltír | ||
Toradh: | Bua Rítheaghlach Capet de Valois. | ||
Céilí comhraic | |||
| |||
Ceannasaithe | |||
| |||
Slua | |||
| |||
Taismigh | |||
|
Bhí sé ar cheann de na coimhlintí is suntasaí sa Mheán-Aois, ina raibh cúig ghlún de ríthe ó dhá chéile comhraic ag troid ar son na ríchathaoireach den ríocht is mó in Iarthar na hEorpa. Cé nár thit aon cath mór amach tar éis na bliana 1453, níor cuireadh deireadh go hoifigiúil leis an gcoinbhleacht go dtí gur síníodh an Conradh Picquigny (Fraincis: Le Traité de Picquigny) idir Ríocht Shasana agus Ríocht na Fraince ar an 29 Lúnasa, 1475.
Tar éis Concas na Normannach ar Shasana, ba vasáilligh iad ríthe Shasana, faoi oibleagáid ríthe na Fraince le haghaidh a gcuid sealúchas sa Fhrainc. Bhí iarracht déanta ag ríthe na Fraince, thar na céadta bliain, na sealúchais seo a laghdú, go dtí nach raibh fágtha ach Gascogne i seilbh Theaghlach na bPlantaigíneach. An Diúcacht seo á choigistiú nó é a bhagairt a bhí mar chuid de bheartas na Fraince chun cosc a chur leis an bhfás ar chumhacht Shasana, go háirithe aon uair a bhí Sasana ag fógairt cogaidh ar Ríocht na hAlban, comhghuaillí na Fraince.
Sa bhliain 1316, bunaíodh prionsabal a chur cosc ar mhná comharbas ar ríchathaoir na Fraince a ghlacadh.
Tríd a mháthar, Isabella na Fraince (Fraincis: Isabelle de France), ba ua é Éadbhard III Shasana (Béarla:Edward III), d'Philib IV na Fraince (Fraincis:Philippe IV) agus nia Shéarlas IV na Fraince (Fraincis:Charles IV), an rí deireanach ar an líne sinsearach de Theaglach na gCapeteach. don rí do chailleadh, agus ón uair nár éirigh, d'fhan sé le hionú cóir le cogadh a chur ar an té so bhuaidh air.le leis d'fhan Isabella in ann ríchathaoir na Fraince a éileamh di féin, ach d'éiligh sí é ar son a mic. Diúltaíodh an t-éileamh, na Francaigh ag maíomh nach bhféadfaí Isabella ceart nach raibh aici a tharchur. Ar feadh thart ar naoi mbliana (1328-1337), ghlac na Sasanaigh le chomharbas de Valois chun na ríchathaoireach. Ach, toisc an cur isteach a rinne rí na Fraince, Pilib VI, ar chogadh Edward III i gcoinne na hAlban faoi stiúir Éadbhard III, d'athfhógair Éadbhard a éileamh ar ríchathaoir na Fraince. D'ardaigh roinnt mórbhuanna na Sasanach sa chogadh - go háirithe ag Crécy, Poitiers, agus Agincourt- an dóchúlacht go mbeadh an bua sa deiridh acu. Mar sin féin, os rud é go raibh níos mó acmhainní ag na Francaigh, bhí siad in ann cosc a chur ar bhua iomlán na Sasanach. Ón bhliain 1429 ar aghaidh, bhain na Francaigh mórbhuanna cinntitheacha amach ag Patay, Formigny, agus Castillon agus cuireadh leis an chogadh i bhfabhar na Fraince, agus chaill Sasana go buan an chuid is mó dá sealúchais mhóra ar an mór-roinn.
Is minic, a roinneann staraithe an cogadh i dtrí chéim, deighilte de réir sosanna cogaidh :
- Cogadh na Ré Éadbhardaigh (1337-1360);
- Cogadh Shéarlais (1369-1389); agus
- Cogadh Lancaster (1415-1453).
I measc na gcoinbhleachtaí comhaimseartha sna gceantair máguaird, a bhí bainteach go díreach leis an choimhlint, bhí Cogadh Chomharbas na Briotáine (1341-1364), Cogadh Cathartha na Caistíle (1366-1369), Cogadh an Dá Pheadar (1356-1375) san Aragón, agus Géarchéim na mblianta 1383-1385 sa Phortaingéil. Níos déanaí, chum staraithe an téarma "Cogadh Céad Bliain '" mar tréimhsiú d’fhonn go gcuimseofar gach ceann de na himeachtaí seo, agus dá réir sin, tógadh an choimhlint míleata is faide sa stair.
Tá tábhacht stairiúil an chogaidh le brath ar tosca éagsúla. Faoi dheireadh an chogaidh, bhí trúpaí gairmiúla in ionad arm feodach den chuid is mó, agus cuireadh daonlathú ar bun ar acmhainní daonna agus uirlisí troda an airm, in áir smachta na huasaicme. Cé go raibh an choimhlint, go príomha ríoraíoch, spreag sí smaointe an náisiúnachais sa Fhrainc agus Sasana. Tháinig iomaíocht armála agus teaicticí chun cinn in ionad marcshlua trom, a bhí i dtreis go dtí sin. Sháigh an choinbhleacht bunú, na n-arm seasta in Iarthar na hEorpa, den chéad uair, ó aimsir Impireacht Iartharacht na Róimhe, comhdhéanta den chuid is mó den chosmhuintir agus dá bhrí bhain na tuathánaigh ról níos tábhachtaí amach sa chogaíocht. Le himeacht na mblianta, chuir fórsaí polaitiúla Shasana gcoinne an fhiontar chostasaigh. I measc na gnéithe suntasacha a spreag Cogadh na Rósanna (1455-1487), bhí míshástacht na n-uaisle Sasanacha, faoin a gcuid gabháltas ilchríochach a chailleadh. Sa Fhrainc, laghdaigh cogaí sibhialta, eipidéimí, gortaí srl, an daonra go suntasach.
D’uireasa gabháltas san Eoraip, fágadh na Sasanaigh leis an tuiscint gur náisiún oileánda iad, tuiscint a chuaigh i bhfeidhm go mór orthu sna blianta a bhí le teacht, le níos mó ná 500 bliain.