Henry Cavill
aisteoir Briotanach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Henry William Dalgliesh Cavill ( /k æ v əl / is aisteoir Briotanach é a rugadh ar an 5 Bealtaine, 1983).[1][2] Thosaigh sé a ghairm bheatha le róil sna scannáin The Count of Monte Cristo (2002) agus I Capture the Castle (2003). Ina dhiaidh bhí sé le feiceáil i róil éagsúla i roinnt sraitheanna teilifíse, ina measc Lynley Mysteries de chuid an BBC, Midsomer Murders ar ITV agus The Tudors ar Showtime. Bhí sé le feiceáil ó shin i mórán scannán Hollywood, ar nós Tristan & Isolde (2006), Stardust (2007), Blood Creek (2009), agus Immortals (2011).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Henry William Dalgliesh Cavill 5 Bealtaine 1983 41 bliana d'aois Saint Helier, Geirsí |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Saint Michael's Preparatory School (en) Scoil Stowe |
Áit chónaithe | Kensington Londain |
Teanga dhúchais | Béarla |
Airde | 1.85 m |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir teilifíse (2002–), aisteoir scannáin (2001–), aisteoir stáitse, mainicín, léiritheoir scannáin, aisteoir |
Tréimhse oibre | 2001 – |
Teangacha | Béarla |
Spórt | Jú-Jiotsú Brasaíleach (2016–) |
Teaghlach | |
Páirtí | Ellen Whitaker (2011–2012) Gina Carano (2012–2014) |
Siblín | Niki Richard Dalgliesh Cavill agus Piers Cavill |
Gradam a fuarthas
| |
|
Bhain Cavill clú agus aitheantas idirnáisiúnta amach as Superman a léiriú sa DC Extended Universe. Ghlac sé ról an laoich i Man of Steel (2013), Batman v Superman: Dawn of Justice (2016), agus Justice League (2017). Ina dhiaidh sin, ghlac sé páirt sna scannáin eachtraíochta The Man from UNCLE (2015) agus Mission: Impossible - Fallout (2018).
An ceathrú buachaill de chúigear, rugadh Cavill ar Gheirsí in Oileáin Mhuir nIocht. Ba rúnaí bainc í a mháthair, Marianne (Dalgliesh), agus bhí a athair, Colin Cavill, ina stocbhróicéir. Fuair sé a chuid oideachais ag Scoil Ullmhúcháin Naomh Micheál i Saint Savior, Geirsí, sular fhreastail sé ar Scoil Stowe i Stowe, Buckinghamshire.