Galf
spórt / From Wikipedia, the free encyclopedia
Cluiche is ea galf. Imrítear galf amuigh ar mhachaire gailf, agus buailtear an liathróid le maide gailf chun í a chur isteach i bpoll i líon beag strócanna agus is féidir. Imríonn daoine galf ina n-aonar, nó mar chuid d'fhoireann. Ag an ngnáthleibhéal, imrítear galf ar chúrsa 18 bpoll, no ar roinnt cúinsí, ar 9 bpoll. Tá sé éigeantach go bhfuil tí-bhosca a bheith ag an tús agus plásóg amais a bheith ag deireadh an bpoll iarbhír. Tá tír-raon eile idir eatarthu, ar nós, buncair, banóig, garbhlach agus guaiseanna uisce ach tá gach poll leithleach maidir leis an struchtúr agus an leagan amach a bhaineann leis.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cineál | cluiche liathróide, sport with racquet/stick/club (en) agus spórt oilimpeach |
---|---|
Tír dhúchais | Albain |
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Deirtear gur in Albain a d'eascair an cluiche. Cruthaíodh an babhta 18 bpoll ag St.Andrews[1] sa bhliain 1764. Is é an chéad mhórchomórtas Galf, agus níos mó ná sin an comórtas is sine sa domhan ná, an Craobh Oscailte nó 'The Open Championship' [2] as Béarla, a imríodh den chéad uair sa bhliain 1860 in Ayrshire, Albain. Is é an comórtas seo ceann de na ceithre mhórchomórtas i ngalf ghairmiúil na bhfear, agus imrítear na trí cinn eile sna Stáit Aontaithe: Na Máistrí (The Masters), Oscailte na Stát Aontaithe (The U.S. Open) , agus Craobh na PGA (PGA Championship)[3].