Gaelsaoire
eagraíocht faoi scáth Údarás na Gaeltachta a chuir turasóireacht chun cinn sa Ghaeltacht / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba thionscnamh turasóireachta de chuid Údarás na Gaeltachta é GaelSaoire.[1][2] Bhí sé mar aidhm aige turasóireacht chultúrtha a fhorbairt agus a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta.[3] Bhí eolas ar fáil ar shuíomh GaelSaoire mar gheall ar thaisteal go dtí na Gaeltachtaí, lóistín, imeachtaí agus gníomhaíochtaí.
Níl an suíomh Gaelsaoire.ie ar fáil níos mó. Dúirt Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2016 go raibh suíomh nua á fhorbairt acu. Dúirt an tÚdarás féachaint ar an suíomh Fáilte Éireann níos déanaí.[4] Níor tharla faic ó shin.[5] Tá eolaire beag ar peig.ie inniu[6] (bhí eolaire eile acu ach dúnadh é[nasc briste go buan]).