Fuascailt na gCaitliceach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Gluaiseacht pholaitiúil in Éirinn agus an Ríocht Aontaithe ag deireadh an 18ú haois agus tús an 19ú haois ab ea Fuascailt na gCaitliceach. An cuspóir a bhí ann ná na srianta a bhí ar na gCaitlicigh a laghdú nó a scriosadh, mar shampla na Péindlíthe.
Cineál | Fuascailt |
---|---|
Tréimhse | 18 haois - 19 haois |
Tír | Ríocht na Breataine Móire agus Ríoghacht Éireann |
Ba é ceannaire na gluaiseachta an polaiteoir Caitliceach Dónall Ó Conaill.
Sheas an Conallach i bhfothoghchán i gContae an Chláir sa bhliain 1828. Bhuaigh sé, cé go raibh cosc air a shuíochán a thógáil suas i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe mar gheall ar an Mionn Ceannais. Ba é sin ba chúis leis an ngéarchéim ar tháinig Fuascailt na gCaitliceach ina diaidh.[1]
Cuireadh dlí nua i bhfeidhm i dtreo go mbeadh cead ag an gConallach a shuíochán a ghlacadh mar bhí eagla ar an rialtas go mbeadh éirí amach eile ann in Éirinn.[2]
Ritheadh an tAcht Faoisimh do Chaitlicigh sa bhliain 1829 nuair a bhí Arthur Wellesley (an chéad Diúc Wellington) ina phríomh-aire. Tugadh aontú an rí ar an 13 Aibreán 1829. Thug an t-Acht cead d'fhir Chaitliceacha a bhí ábalta vótáil dul isteach i bParlaimint Shasana agus post a bheith acu i seirbhís an stáit nó sna fórsaí armtha.