Frog saigheadnimhe
From Wikipedia, the free encyclopedia
Frog caol atá dúchasach do Mheiriceá Láir is Theas is ea an frog saigheadnimhe.[1] Gealdaite go minic. Áitríonn sé coillearnach. Beireann sé uibheacha ar an talamh, agus iompraíonn na froig fhásta na torbáin go dtí an t-uisce. An craiceann an-nimhiúil. Cuimlíonn na bundúchasaigh a reanna saighde le craiceann froig bheo chun iad a nimhiú le haghaidh seilge. Tá roinnt buaf i Meiriceá Theas freisin a dtugtar buafa saigheadnimhe orthu.[2]