Fónagraf
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba é an fónagraf an gléas ba choitianta a mbaintí feidhm as chun taifid fuaime a sheinnt ó na 1870í go dtí na 1980í.
Is éard is fónagraf ann, nó gramafón mar a tugadh air ina dhiaidh sin, ná gléas nó inneall a dhéanann taifeadadh meicniúil agus analógach ar fhuaimeanna, chun gur féidir iad a sheinnt arís. Rinneadh trádmharc as an bhfocal ‘gramophone’ sa bhliain 1887, agus baineadh úsáid as mar ainm ginearálta sa Ríocht Aontaithe ón mbliain 1910. Ó na 19940idí ar aghaidh seinnteoir ceirnín a tugadh air, agus caschlár a tugadh air ina dhiaidh sin arís.
Déantar tonnchruthanna chreathanna na fuaime a thaifeadadh mar athruithe beaga fisiciúla comhfhreagracha in iomaire bíse atá greanta, eitseáilte, gearrtha nó brúite isteach i ndromchla sorcóra nó diosca atá ag timpeallú, ar an dtugtar ceirnín.
Chun an fhuaim a athchruthú, déantar an dromchla a chasadh ar bhealach comhfhreagrach arís fad a leanann stíleas an t-iomaire nó an chlais. Cuireann na cnapáin agus na loganna sin creathanna tríd an stíleas agus déanann sé seo athchruthú ar an bhfuaim a taifeadadh, ach go han-íseal ar fad. Nuair a cumadh na fónagraif i gcéaduair dhéanadh an stíleas scannán a chreathadh, rud a chruthaigh tonnta fuaime a cheanglaíodh leis an aer trí adharc méadúcháin a rinne bolgadh amach, nó cheanglaítí an fhuaim go díreach le cluasa an éisteora trí chluasáin a bhí cosúil le steiteascóp.