Eitleoireacht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Baineann an téarma seo le gach saghas eitilte, agus aerárthaigh is feidhmeanna eile na heitilte.
Roinntear ina dhá rang í: eitleoireacht mhíleata, agus eitleoireacht shibhialta.
San eitleoireacht mhíleata, is féidir an t-aerárthach a úsáid mar arm nó ardán óna lainseáiltear airm, chomh maith le húsáidí spiadóireachta is iompair.
San eitleoireacht shibhialta, bíonn úsáid aerárthach i gcomhair iompair thrádálaigh san áireamh.
Den chuid is mó, úsáid aerárthach chun daoine is earraí a iompar ar eitiltí, ar sceideal nó cairtfhostaithe, a bhíonn i gceist, ach tagann úsáidí gnó, spóirt, tarrthála is míochaine i gceist freisin.
Déanann rialtais cuid mhaith de na rialúcháin do chomhlachtaí eitleoireachta, chun aerfoirt a chur ar fáil is aerthrácht a rialú.
De bhrí gur gnó tábhachtach idirnáisiúnta an eitleoireacht, bíonn gá le comhshocruithe idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht is slándáil eitiltí, aerbhealaí is aerfort.[1]