Douglas J. Feith
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Douglas Jay Feith (a rugadh 16 Iúil 1953) ina Leas-rúnaí Cosanta do Bheartas d'uachtarán na Stát Aontaithe George W. Bush, ó Iúil 2001 go Lúnasa 2005. Is comhalta sinsearach é ag Institiúid Hudson, meitheal mhachnaimh choimeádach.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Iúil 1953 70 bliana d'aois Philadelphia, Pennsylvania |
Fo-Rúnaí Cosanta do Bheartas | |
2001 – 2005 ← Walter B. Slocombe – Eric S. Edelman → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Harvard - Baitsiléir Ealaíon Georgetown University Law Center (en) - dochtúireacht sa dlí-eolaíocht |
Gníomhaíocht | |
Gairm | brústocaire, dlíodóir, duine den lucht gnó |
Fostóir | Ollscoil Georgetown |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Poblachtach Páirtí Daonlathach |
Teangacha | Béarla |
Suíomh gréasáin | dougfeith.com… |
Tá cur síos ar Feith mar ailtire de chuid Chogadh na hIaráice.[1] Roimh an gcogadh, bhí ról lárnach aige i gcur chun cinn an éilimh go raibh caidreamh oibriúcháin ag réimeas Saddam Hussein le al-Qaeda (cé nach raibh mórán fianaise inchreidte ar a leithéid de chaidreamh ag an am). Dúradh i dtuarascáil Ard-Chigire an Pheinteagáin an méid seo a leanas faoi ghníomhaíochtaí Frith; " (Feith's office) developed, produced, and then disseminated alternative intelligence assessments on the Iraq and al Qaida relationship, which included some conclusions that were inconsistent with the consensus of the Intelligence Community, to senior decision-makers." [2]