Cáceres
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is cathair i gcomhphobal féinrialaithe Extremadura in iarthar na Spáinne í Cáceres agus í mar phríomhchathair chúige Cáceres. Tá thart ar 90,750 daoine ina gcónaí ann.
Fíricí Gasta Ainmnithe in ómós, Suíomh ...
Dún
Tá fianaise ann go raibh daoine ina gcónaí anseo sa réamhstair, mar shampla sna pluaiseanna Maltravieso agus El Conejar. Bhunaigh na Rómhániagh an chathair sa bhliain 25 RC.
Tá ballaí an tseanbhaile fós ina seasamh agus timpeallaíonn siad an seanbhaile ar fad. Tá ollscoil Extremadura ann, agus dhá réadlann réalteolaíochta sa chathair.
Le cúpla bliain anuas tá fleadh cheoil ar siúl sa chathair.[1] Eagraíonn ceoltóirí na Spáinne agus tíortha eile ceolchoirmeacha, seisiúin agus ranganna ceol traidisiúnta Éireannach i rith dheireadh seachtaine amháin.