Cumann Cosanta Uladh
grúpa paraimíleatach i dTuaisceart Éireann / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is grúpa paraimíleata[1] dílseach i dTuaisceart Éireann é Cumann Cosanta Uladh nó CCU (Béarla: Ulster Defence Association, nó UDA). Bunaíodh é i Meán Fómhair 1971 mar scáthghrúpa do ghrúpaí dílseoirí éagsúla[2] agus thug sé faoi fheachtas armtha ar feadh beagnach 24 bliain mar rannpháirtí sna Trioblóidí. An sprioc a bhí aige, mar dhea, ná ceantair dhílseachta Phrotastúnacha a chosaint,[2] agus dul i ngleic leis an bpoblachtánachas, go háirithe an tIRA Sealadach. Sna 1970idí, chuaigh baill den CCU ar patról go hoscailte sna ceantair seo agus smachtíní ar iompar acu, agus d'eagraigh siad mórshiúlta agus slógaí móra. Bhí grúpa ann laistigh de CCU a raibh sé de chúram orthu ionsaithe paraimíleata a dhéanamh a d’úsáid an t-ainm Ulster Freedom Fighters (UFF) ionas nach gcuirfí cosc ar CCU. Chuir rialtas na Breataine cosc ar an UFF mar ghrúpa sceimhlitheoireachta i mí na Samhna 1973, ach níor cuireadh cosc ar CCU féin go dtí Lúnasa 1992.[3][4]
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | UDA | ||||
Cineál | paraimíleatach | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Dílseachas | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | Meán Fómhair 1971 | ||||
Bhí CCU freagrach as níos mó ná 400 bás. Ba shibhialtaigh Chaitliceacha Éireannacha formhór na n-íospartach,[5][6][5] a maraíodh go randamach, mar dhíoltas as ionsaithe de chuid an IRA ar Phrotastúnaigh.[7][8] I measc na n-ionsaithe a rinne an grúpa tá Sléacht Annie's Bar, an t-ionsaí ar Reilig Bhaile an Mhuilinn, lámhach na ngeallghlacadóirí Sean Graham agus James Murray, dúnmharuithe Charraig Ceasail, dúnmharuithe Paddy Wilson agus Irene Andrews, agus sléacht Rising Sun. I dTuaisceart Éireann a tharla formhór na n-ionsaithe, ach ó 1972 ar aghaidh, rinne CCU buamálacha i bPoblacht na hÉireann freisin. D’fhógair siad sos comhraic i 1994 agus chuir siad deireadh lena bhfeachtas in 2007, ach lean cuid dá mballraíocht ar aghaidh le foréigean.[9]