Coróinvíreas
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ainm géinis den fhofhine Coronavirinae. san bhfine Coronaviridae, san ord Nidovirales is ea na coróinvíris nó CoV (ar a dtugtar freisin na víris chorónacha) . Is grúpa víreas iad coróinvíris a chruthaíonn galair i mamaigh agus in éin. I ndaoine, is cúis le coróinvíris ionfhabhtuithe sa chonaire riospráide, atá éadrom go hiondúil, ar nós an slaghdáin choitinn, cé gur féidir le foirmeacha ní ba neamhchoitianta mar SARS, MERS, agus COVID-19 a bheith marfach.
Fíricí Gasta Orthocoronavirinae, Tacsanomaíocht ...
Orthocoronavirinae | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
Ríocht | Orthornavirae |
Fíleam | Pisuviricota |
Aicme | Pisoniviricetes |
Ord | Nidovirales |
Fine | Coronaviridae |
Fofhine | Orthocoronavirinae |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Dún
Víris imchlúdaithe iad na Coróinvíris le géanóm ARN (aigéad ribeanúicléasach) aon-shnáithe le polaraíocht dhearfach agus le núicléachaipsid de shiméadracht héiliciúil.[1] Tá méid ghéanómach na gcoróinvíreas idir 26 agus 32 cileabhonn, an ceann is mó le haghaidh víris ARN.