Géarshiondróm trom riospráide
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ionfhabhtú víreasach an-tógálach is ea Géarshiondróm trom riospráide nó SARS, a taifeadadh den chéad uair sa tSín sa bhliain 2002 agus a scaip go tapa ar fud an domhain trí aerthaisteal. Fuair níos mó ná 800 duine bás leis agus ionfhabhtaíodh os cionn 8,000 duine ar fud an domhain.
Cineál | galar víreasach tógálach, galar coróinvíris, niúmóine neamhthipiciúil agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | leigheas análaithe, galair thógálacha agus micribhitheolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | fiabhras, tinneas cinn, casacht, hiopocsa, dispnia, cianóis, miailge, traochadh gairme, buinneach agus niúmóine neamhthipiciúil |
Scrúduithe | imoibriú slabhrúil polaiméaráise agus tomagrafaíocht ríomhairithe X-ghathach |
Cóireáil | symptomatic treatment (en) |
Pataigineas | |
Cúis | severe acute respiratory syndrome coronavirus |
Éifeacht | 2002–2004 SARS outbreak (en) |
Aicmiú | |
ICD-10 | U04.9 |
ICD-9 | 079.82079.82 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 32835 |
MedlinePlus | 007192 |
eMedicine | 237755 |
Patient UK | severe-acute-respiratory-syndrome |
MeSH | D045169 |
Orphanet | 140896 |
UMLS CUI | C1175175 agus C1175175 |
DOID | DOID:2945 |
Na siomptóim an-chosúil le siomptóim an fhliú: fiabhras ard, tinneas cinn, casacht thirim, giorra anála, agus b'fhéidir niúmóine. 2-7 lá an t-eatramh goir. Chinntigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur cineál nua corónaivíris is ea é, ceann de na cineálacha a chuireann tús leis an slaghdán coitianta.
D'eisigh siad rabhadh domhanda do dhaoine maisc aghaidhe a chaitheamh in áiteanna poiblí, aerthaisteal a laghdú, paisinéirí eitleán a iniúchadh féachaint an bhfuil ardú teochta acu, agus daoine ionfhabhtaithe a aonrú.
Faoi dheireadh 2005 bhí an víreas faoi choinneáil den chuid is mó, agus meastar anois go bhfuil sé díothaithe. Mar sin féin, tá obair ar siúl chun vacsaín shlán éifeachtach a shaothrú.