Conradh ar Thoirmeasc Airm Núicléacha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é An Conradh ar Thoirmeasc Airm Núicléacha (CTAN), nó An Conradh um Chosc ar Airm Núicléacha, an chéad chomhaontú idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí chun airm núicléacha a thoirmeasc go cuimsitheach, leis an sprioc deiridh iad a bheith díothaithe go huile agus go hiomlán. Glacadh é an 7 Iúil 2017, osclaíodh é lena shíniú an 20 Meán Fómhair 2017, agus tháinig sé i bhfeidhm an 22 Eanáir 2021.[1] [2]
Cineál | conradh |
---|---|
Dáta na bliana | 20 Meán Fómhair 2017 |
Daingniú | an Ghuáin (20 Meán Fómhair 2017) An Suí Naofa (20 Meán Fómhair 2017) an Téalainn (20 Meán Fómhair 2017) Meicsiceo (16 Eanáir 2018) Cúba (30 Eanáir 2018) Stát na Palaistíne (22 Márta 2018) Veiniséala (27 Márta 2018) Palau (3 Bealtaine 2018) an Ostair (8 Bealtaine 2018) Vítneam (17 Bealtaine 2018) Cósta Ríce (5 Iúil 2018) Nicearagua (19 Iúil 2018) Uragua (25 Iúil 2018) an Nua-Shéalainn (31 Iúil 2018) Oileáin Cook (4 Meán Fómhair 2018) an Fhrainc (26 Meán Fómhair 2018) Samó (26 Meán Fómhair 2018) San Mairíne (26 Meán Fómhair 2018) Vanuatú (26 Meán Fómhair 2018) Saint Lucia (23 Eanáir 2019) an tSalvadóir (30 Eanáir 2019) an Afraic Theas (25 Feabhra 2019) Panama (11 Aibreán 2019) San Uinseann agus na Greanáidíní (31 Iúil 2019) an Bholaiv (6 Lúnasa 2019) an Chasacstáin (29 Lúnasa 2019) Eacuadór (25 Meán Fómhair 2019) an Bhanglaidéis (26 Meán Fómhair 2019) Ciribeas (26 Meán Fómhair 2019) Laos (26 Meán Fómhair 2019) Oileáin Mhaildíve (26 Meán Fómhair 2019) Oileán na Tríonóide agus Tobága (26 Meán Fómhair 2019) Doiminice (18 Deireadh Fómhair 2019) Antigua agus Barbúda (25 Samhain 2019) Paragua (23 Eanáir 2020) an Namaib (20 Márta 2020) An Bheilís (19 Bealtaine 2020) Leosóta (6 Meitheamh 2020) Fidsí (7 Iúil 2020) an Bhotsuáin (15 Iúil 2020) an Nigéir (6 Lúnasa 2020) Niue (6 Lúnasa 2020) Éire (6 Lúnasa 2020) San Críostóir-Nimheas (9 Lúnasa 2020) Málta (21 Meán Fómhair 2020) an Mhalaeisia (30 Meán Fómhair 2020) Túvalú (12 Deireadh Fómhair 2020) Iamáice (23 Deireadh Fómhair 2020) Nárú (23 Deireadh Fómhair 2020) Hondúras (24 Deireadh Fómhair 2020) Beinin (11 Nollaig 2020) |
Dáta foilsithe | 7 Iúil 2017 |
Teacht i bhfeidhm | 22 Eanáir 2021 |
Príomhábhar | dí-armáil núicléach |
Suíomh | Nua-Eabhrac, New York |
Sínitheoir | an Ailgéir (20 Meán Fómhair 2017) an Ostair (20 Meán Fómhair 2017) an Bhanglaidéis (20 Meán Fómhair 2017) an Bhrasaíl (20 Meán Fómhair 2017) Rinn Verde (20 Meán Fómhair 2017) Poblacht na hAfraice Láir (20 Meán Fómhair 2017) an tSile (20 Meán Fómhair 2017) Oileáin Chomóra (20 Meán Fómhair 2017) Poblacht Dhaonlathach an Chongó (20 Meán Fómhair 2017) Poblacht an Chongó (20 Meán Fómhair 2017) Cósta Ríce (20 Meán Fómhair 2017) an Cósta Eabhair (20 Meán Fómhair 2017) Cúba (20 Meán Fómhair 2017) Eacuadór (20 Meán Fómhair 2017) an tSalvadóir (20 Meán Fómhair 2017) Fidsí (20 Meán Fómhair 2017) an Fhrainc (20 Meán Fómhair 2017) Gána (20 Meán Fómhair 2017) Guatamala (20 Meán Fómhair 2017) an Ghuáin (20 Meán Fómhair 2017) An Suí Naofa (20 Meán Fómhair 2017) Hondúras (20 Meán Fómhair 2017) an Indinéis (20 Meán Fómhair 2017) Éire (20 Meán Fómhair 2017) Ciribeas (20 Meán Fómhair 2017) an Libia (20 Meán Fómhair 2017) Lichtinstéin (20 Meán Fómhair 2017) Madagascar (20 Meán Fómhair 2017) an Mhaláiv (20 Meán Fómhair 2017) an Mhalaeisia (20 Meán Fómhair 2017) Meicsiceo (20 Meán Fómhair 2017) Neipeal (20 Meán Fómhair 2017) an Nua-Shéalainn (20 Meán Fómhair 2017) an Nigéir (20 Meán Fómhair 2017) Palau (20 Meán Fómhair 2017) Stát na Palaistíne (20 Meán Fómhair 2017) Panama (20 Meán Fómhair 2017) Paragua (20 Meán Fómhair 2017) Peiriú (20 Meán Fómhair 2017) Na hOileáin Fhilipíneacha (20 Meán Fómhair 2017) Samó (20 Meán Fómhair 2017) San Mairíne (20 Meán Fómhair 2017) São Tomé agus Príncipe (20 Meán Fómhair 2017) an Afraic Theas (20 Meán Fómhair 2017) an Téalainn (20 Meán Fómhair 2017) Tóga (20 Meán Fómhair 2017) Túvalú (20 Meán Fómhair 2017) Uragua (20 Meán Fómhair 2017) Vanuatú (20 Meán Fómhair 2017) Veiniséala (20 Meán Fómhair 2017) Laos (21 Meán Fómhair 2017) Nicearagua (22 Meán Fómhair 2017) Vítneam (22 Meán Fómhair 2017) Iamáice (8 Nollaig 2017) an Namaib (8 Nollaig 2017) San Uinseann agus na Greanáidíní (8 Nollaig 2017) an Chasacstáin (2 Márta 2018) an Bholaiv (16 Aibreán 2018) an Phoblacht Dhoiminiceach (7 Meitheamh 2018) an Cholóim (3 Lúnasa 2018) Antigua agus Barbúda (26 Meán Fómhair 2018) Beinin (26 Meán Fómhair 2018) Brúiné (26 Meán Fómhair 2018) Guine Bissau (26 Meán Fómhair 2018) Maenmar (26 Meán Fómhair 2018) Na Séiséil (26 Meán Fómhair 2018) Tíomór Thoir (26 Meán Fómhair 2018) Angóla (27 Meán Fómhair 2018) Saint Lucia (27 Meán Fómhair 2018) an Chambóid (9 Eanáir 2019) an Bhotsuáin (26 Meán Fómhair 2019) Doiminice (26 Meán Fómhair 2019) Greanáda (26 Meán Fómhair 2019) Leosóta (26 Meán Fómhair 2019) Oileáin Mhaildíve (26 Meán Fómhair 2019) San Críostóir-Nimheas (26 Meán Fómhair 2019) an Tansáin (26 Meán Fómhair 2019) Oileán na Tríonóide agus Tobága (26 Meán Fómhair 2019) an tSaimbia (26 Meán Fómhair 2019) Nárú (22 Samhain 2019) An Bheilís (6 Feabhra 2020) an tSúdáin (22 Iúil 2020) Poblacht Mhósaimbíc (18 Lúnasa 2020) Málta (25 Lúnasa 2020) an tSiombáib (4 Nollaig 2020) an Nígir (9 Nollaig 2020) |
Taisce | Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe |
Teanga an tsaothair nó an ainm | Modern Standard Arabic (en) , An Mhandairínis Chaighdeánach, Béarla na Breataine, an Fhraincis, an Rúisis agus an Spáinnis |
Obair iomlán ar fáil ag URL | treaties.un.org… |
Suíomh gréasáin | treaties.un.org… |
I gcás na náisiún sin atá ina bpáirtithe aige, cuireann an Conradh cosc ar fhorbairt, ar thástáil, ar tháirgeadh, ar stoc-charnadh, ar shuiteáil, ar aistriú, ar úsáid agus ar bhagairt úsáide arm núicléach, mar aon le cúnamh agus spreagadh do na gníomhaíochtaí toirmiscthe. Maidir le stáit armtha núicléacha a thagann isteach sa Chonradh, cuireann sé deis ar fáil, faoi cheangal ama, le haghaidh caibidlíochta as a dtiocfaidh díothú fíoraithe agus dochúlaithe a chlár airm núicléacha.
Shocraigh sainordú a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 23 Nollaig 2016 dhá sheisiún caibidlíochta: 27 go 31 Márta agus ó 15 Meitheamh go 7 Iúil, 2017. Ritheadh an conradh de réir sceidil an 7 Iúil le 122 i bhfabhar, 1 i gcoinne (An Ísiltír), agus 1 staonadh oifigiúil (Singeapór). Níor vótáil seasca is naoi náisiún, na stáit airm núicléacha ar fad agus gach ball de NATO seachas an Ísiltír ina measc.[3]