Uragua
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír i Meiriceá Theas í Uragua, nó Poblacht Oirthearach Uragua, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil (Spáinnis: República Oriental del Uruguay). Orientales nó Oirthearaigh a thugtar ar mhuintir na tíre féin go minic, go háirithe sa chanúint Spáinnise a labhraítear i dtíortha Río de la Plata. Orientales, la patria o la tumba an teideal atá ar amhrán náisiúnta na tíre féin - "an tír dhúchais nó an uaigh, a Oirthearacha". Tá teorainneacha aici leis an mBrasaíl agus leis an Airgintín.
Uragua | |||||
---|---|---|---|---|---|
República Oriental del Uruguay (es) | |||||
|
|||||
Aintiún | Himno Nacional de Uruguay | ||||
Mana | «Liberty or Death (en) » | ||||
Leasainm | El Paisito agus La Suiza de América | ||||
Ainmnithe in ómós | Abhainn Urugua | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Montevideo | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 3,444,263 (2023) | ||||
• Dlús | 19.55 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Spáinnis (oifigiúil) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Meiriceá Laidineach Meiriceá Easpáinneach Southern Cone (en) Meiriceá Theas dúliosta tearmann cánach an Aontais Eorpaigh (luach anaithnid–2023) | ||||
Achar dromchla | 176,215 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Urugua, Río de la Plata (en) agus An tAigéan Atlantach | ||||
Pointe is airde | Cerro Catedral (en) (513.7 m) | ||||
Pointe is ísle | An tAigéan Atlantach (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Cisplatina Province (en) agus Provincia Oriental (en) | ||||
Cruthú | 25 Lúnasa 1825 | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht, daonlathas rannpháirtíochta agus córas uachtaránachta | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Presidencia de la República (en) | ||||
Comhlacht reachtach | General Assembly of Uruguay (en) | ||||
• Ceannaire an rialtais | Luis Alberto Lacalle Pou (2020–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach Uragua | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 61,412,268,249 $ (2021) | ||||
Airgeadra | peso Uragua | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .uy | ||||
Glaochód | +598 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 911 | ||||
Cód tíre | UY | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gub.uy |
Is í Montevideo an phríomhchathair. Cathracha eile iad Paysandú, Salto, Artigas, Rivera, Melo, Treinta y Tres, Punta del Este, agus Tacuarembó. Bhí thart ar thrí mhilliún is ceithre chéad míle duine ina gcónaí annsa bhliain 2002. Níl ach 176,220 ciliméadar cearnach d'achar ann, agus mar sin, tá sí ar an gceann is lú de thíortha na Spáinnise i Meiriceá Theas.
Ar an bhfeirmeoireacht is mó a mhaireadh Uragua go dtí le déanaí, ach tá an tír ag dul chun tionsclaíochta ar na saolta seo, agus an ríomhaireacht ag dul chun cinn. Is í Uragua an tír is mó a easpórtálann bogearraí ríomhaireachta i Meiriceá Theas.