Conradh Versailles
ceann amháin des na conarthaí a thug an Chéad Chogadh Domhanda chun deiridh / From Wikipedia, the free encyclopedia
Conradh síochána idirnáisíunta ba ea Conradh Versailles, a chuir deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda idir na Comhghuaillithe agus an Ghearmáin.
Fíricí Gasta Law identifier (en), Cineál ...
Dún
Síníodh é ar an 28 Meitheamh 1919 i bPálás Versailles i bPáras na Fraince, cothrom cúig bliana ón lá a d'fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire, ceann de na heachtraí ba mhó a chuir tús leis.
Cé gur chuir an sos cogaidh (a bhí sínithe ar an 11 Samhain 1918) stad leis an troid féin, lean an idirbheartaíocht ar aghaidh ar feadh sé mhí ag Comhdháil Síochána Pháras sular ghlacadh leis.